Cruinniú Poiblí – Deis bualadh leis an Choimisinéir Gaeilge, Pól Deeds
25 September 2026
Cuirtear fáilte roimh Ghaeilgeoirí ó cheantar Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin freastal ar an chéad chruinniú eile d’Fhóram Phobal na Gaeilge, Dé Céadaoin 30 Meán Fómhair ar 6pm i Halla na Cathrach.
Cuirtear fáilte roimh Ghaeilgeoirí ó cheantar Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin freastal ar an chéad chruinniú eile d’Fhóram Phobal na Gaeilge, Dé Céadaoin 30 Meán Fómhair ar 6pm i Halla na Cathrach.
Tabharfaidh an Fóram ar leith seo deis iontach don phobal áitiúil cluinstin faoin obair thábhachtach atá idir lámha ag an Choimisinéir Gaeilge, Pól Deeds, leis na caighdeáin dea-chleachtais a fhorbairt do sheirbhísí Gaeilge.
Tá sé mar aidhm ag na caighdéain seo cinnte a dhéanamh go bhfuil rochtain láidir ar sheirbhísí pobail agus eolais curtha ar fáil i nGaeilge ag na húdaráis áitiúla. Beidh deis uathúil acu siúd atá ag freastal ar an chruinniú ceisteanna a chur go díreach ar an Choimisinéir agus a fhoireann chomh maith.
Tabhair faoi deara, le do thoil, go mbeidh an cruinniú seo á reáchtáil trí mheán na Gaeilge. Tá fáilte roimh gach duine freastal, agus ní mór duit d’áit a chur in áirithe roimh ré.
Is féidir ríomhphost a chur chuig Foireann Ghaeilge Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin ar [email protected] nó scairt a chur ar – 028 71 376579 le d’áit a chur in áirithe. Tuilleadh eolais: www.derrystrabane.com/gaeilge
Críoch
----------------------
Public meeting: An opportunity to meet the Irish Language Commissioner, Pól Deeds
Irish speakers within the Derry and Strabane District Council area are encouraged to attend the next meeting of the Irish Language Community Network Forum, taking place on Wednesday, 30 September at 6pm in the Guildhall.
This forum offers an excellent opportunity for the local community to hear first-hand about the important work being undertaken by the Commissioner for the Irish Language, Pól Deeds, to develop best practice standards for Irish language services. These standards aim to ensure robust access to public services and information in Irish from public authorities.
Attendees will also have the unique chance to ask questions directly to the Commissioner and his team.
Please note that this meeting will be conducted in the medium of Irish.
All are welcome to attend, and spaces should be reserved in advance, with attendees encouraged to book their place by emailing the Languages team at Derry City and Strabane District Council at [email protected] or contacting - 028 71 376 579. For more information visit - www.derrystrabane.com/gaeilge
Ends