Derry City & Strabane - ‘Caint & Ceol’ - An evening of song to celebrate Irish Language Week 2023
 

  



 
 




















 
 
 
 


    
  • Text Colour:
  • C
  • C
  • C
  • C
  • Text Size: A A A

‘Caint & Ceol’ - An evening of song to celebrate Irish Language Week 2023

08 March 2023

<GAE>

PREASEISIÚINT

‘Caint & Ceol’ - Oíche amhránaíochta le ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge 2023

Mar chuid de chlár imeachtaí coicíse le ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge 2023, tá Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin ag eagrú oíche amhránaíochta ar an sean-nós leis an amhránaí chlúite Gaeilge, Claire Nic Ruairí, a bhfuil gradaim bainte aici.

Tá Claire ina cónaí sa Bhruiséil faoi láthair agus tá clú uirthi mar amhránaí sean-nóis den scoth; tá gradaim bainte amach aici ag Oireachtas na Samhna (2015) agus Fleadh Cheoil na hÉireann (2013). Bronnadh gradam ‘Éamonn Ghráinne’ uirthi don amhránaíocht in 2014, agus sa bhliain 2020, bhain sí gradam ‘Nós 2020’ don albam traidisiúnta Gaeilge is fearr dá halbam ‘An Clár Bog Déil’.

Dúirt Erin Hamilton, an tOifigeach Gaeilge le Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin: “Tá lúcháir orainn fáilte a chur roimh Claire Nic Ruairí go Halla na Cathrach don imeacht speisialta seo a thabharfaidh le chéile amhránaíocht Ghaeilge ar an sean-nós agus ceardlann do rannpháirtithe a thabharfaidh deis dóibh dul i dtaithí ar thraidisiún amhránaíochta an sean-nóis san Iarthuaisceart. Beidh ráchairt mhór ar an imeacht seo, mar sin mholfainn do dhuine ar bith atá ag iarraidh freastal air áit a chur in áirithe go luath”.

Seo imeacht amháin ar fhéile lán imeachtaí le ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge 2023. Clár iomlán na féile ar fáil ag: www.derrystrabane.com/irishlanguageweek

Cláraigh trí ríomhphost a chur chuig: gaeilge@derrystrabane.com

Tuilleadh Eolais: Oifigeach Gaeilge, Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, Líne Ghaeilge: 028 71 376 579, gaeilge@derrystrabane.com

www.derrystrabane.com/gaeilge

CRÍOCH

 

 

<ENG>

‘Caint & Ceol’ - An evening of song to celebrate Irish Language Week 2023

As part of a two-week long programme of events to celebrate Irish Language Week 2023, Derry City and Strabane District Council will host an evening of traditional sean-nós singing led by award-winning Irish language singer Claire Nic Ruairí.

Currently living in Brussels, Claire has achieved recognition as a fine exponent of the sean-nós singing tradition, winning awards at Oireachtas na Samhna (2015) and Fleadh Cheoil na hÉireann (2013). In 2014 she was awarded the prestigious 'Éamonn Ghráinne' award and in 2020 she was winner of the Gradaim Nós 2020 award for best album of traditional Irish song for her album ‘An Clár Bog Déil’.

Speaking ahead of the event, Irish Language Officer with Derry City and Strabane District Council – Erin Hamilton said: “We’re delighted to welcome Claire Nic Ruairí to the Guildhall for what promises to be a unique event combining an intimate performance of songs in the Irish language and a workshop for participants enabling them to explore the unique sean-nós singing tradition in the North West. Demand for this dual-language event will be high, so I would encourage anyone interested in attending to book early.”

This is one of a number events being organised by the Council to celebrate Irish Language Week 2023. View the full programme at: www.derrystrabane.com/irishlanguageweek

To book please email gaeilge@derrystrabane.com

Further information: Irish Language Officer, Derry City and Strabane District Council, Irish Language Line: 028 71 376 579, gaeilge@derrystrabane.com

www.derrystrabane.com/gaeilge