Clár Sheachtain na Gaeilge 2020 seolta i nDoire agus ar an tSrath Bán
27 February 2020
Ón 1ú – 17ú Márta beidh pobail ar fud fad oileán na hÉireann agus ar fud na cruinne leoga ag déanamh ceiliúradh ar Seachtain na Gaeilge, an fhéile Ghaeilge is mó ar domhan.
Tugann Seachtain na Gaeilge deis d’fhoghlaimeoirí agus chainteoirí líofa araon ceiliúradh a dhéanamh ar a ngrá don teanga agus béim ar imeachtaí pobail agus ar úsáid laethúil na Gaeilge i ngnáthshuíomhanna coitianta. I mbliana tá imeachtaí ag tarlú i nDoire agus ar an tSrath Bán ag tosú ar an 1ú Márta agus ag críochnú ar Lá Fhéile Pádraig ar an 17ú Márta.
San áireamh i gclár imeachtaí na bliana seo tá: scéim an Fháinne, ceiliúradh ar Lá Domhanda na Leabhar, ceiliúradh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, imeachtaí teaghlaigh, ciorcal comhrá, Preab-Ghaeltacht, agus seo uilig ag críochnú le páráid Lá Fhéile Pádraig ar an 17ú Márta. Neart deiseanna le bheith ag plé leis an Ghaeilge!
Dúirt Erin Hamilton, Oifigeach Gaeilge le Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin: “Tá lúcháir ar an Chomhairle bheith in ann tacú le Seachtain na Gaeilge agus aithníonn muid an dea-obair agus an dua a chuireann coistí áitiúla, scoileanna agus eagraíochtaí Gaeilge isteach i rith na bliana le deiseanna a chur ar fáil don phobal chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid. Tá súil againn go dtiocfaidh méadú breise ar phróifíl na Gaeilge i mbliana de bharr Sheachtain na Gaeilge agus tá muid cinnte de go dtreiseoidh sí stádas na Gaeilge mar theanga do chách”.
Bí ar an eolas is déanaí faoi gach imeacht atá ag tarlú mar chuid de Sheachtain na Gaeilge trí shúil a chaitheamh ar leathanach Gaeilge Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin ag www.derrystrabane.com/gaeilge nó tabhair cuairt orainn ar Facebook www.facebook.com/foramphobalnagaeilge nó ar Twitter @foramphobal.
Clár Imeachtaí: https://issuu.com/gaeilge/docs/seachtain_na_gaeilge_2020