Council to feature in TG4 documentary marking World Bee Day
14 May 2021
Officers from Derry City and Strabane District Council will feature in a documentary being aired on TG4 next week to mark World Bee Day.
Dr Christine Doherty and Pól Ó Frighil from the local authority will join experts from across Ireland talking about practical measures being taken to reverse the decline of our bee population as part of the All Ireland Pollinator Plan. Just last year, Derry City and Strabane became one of the first Council's to change the way in which its grass was being cut in order to assist pollinators through the Don't Mow, Let it Grow initiative. This year the Council has upped the ante extending this practice to include 30 ha across 11 large park sites and 23 cemeteries in a drive to bring back the bees on Council owned sites.
Speaking ahead of the documentary, Council's Biodiversity Officer Dr Christine Doherty, said: "We are really excited to have been part of this programme looking at the collective island-wide response to protecting our bee species. Unfortunately, so many bee habitats in gardens, parks and hedgerows have been destroyed due to factors like over maintenance and pesticides. We need bees to pollinate fruits and crops for our food supplies so it's critical that we do all we can to reverse this problem.
"Over the summer months, local people may see areas of grass uncut in some of our parks and cemeteries and this has been done deliberately to stimulate bees and butterflies. People can also create little wildflower havens at their homes too by leaving a patch of grass uncut and even sowing some wildflower seeds.
"We hope that Plean Bee will educate and raise awareness of this really important issue and will encourage more people to take action."
Plean Bee Producer Deaglan O Mochain added: "When making Plean Bee, our new documentary on the All Ireland Pollinator Plan, it was such a pleasure to meet with those who set up this visionary plan, as well as those who are working hard on the ground to implement it.
"As a Derry resident I can see at first hand what's been done by Derry City and Strabane District Council and others to support bees and pollinators, and we were delighted to film with Christine and Pól and other members of the council in Culmore Park, as well as other fantastic locations like Brooke Park, St Columb's Park and along the Strand Road. Our neighbours in Buncrana are also doing amazing work, reversing years of decline in bees and other insects.
"Hopefully the film helps showcase the crucial work of the AIPP, a rare environmental success story of great value to us all."
Plean Bee will be aired on TG4 at 9pm on Thursday 20th May.
To view a sneak peek visit Council's YouTube Channel https://youtu.be/SSZKB2FJxuo
Páirt ag an Chomhairle i gclár faisnéise TG4 le ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Domhanda na mBeach
Beidh Oifigigh ó Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin páirteach i gclár faisnéise ar TG4 an tseachtain seo le ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Domhanda na mBeach.
Tiocfaidh an Dr. Christine Doherty agus Pól Ó Frighil ón údarás áitiúil le chéile le saineolaithe ó fud fad na hÉireann le labhairt ar na céimeanna praiticiúla atá á nglacadh leis an laghdú atá ag teacht ar phobal na mbeach a thiontú thart mar chuid de Phlean um Pailneoirí na hÉireann. Anuraidh, bhí Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin ar ceann de na céad Chomhairlí a d'athraigh an dóigh a mbaintear a bhféar chun cuidiú le pailneoirí tríd an togra Don't Mow Let it Grow/Ná Bain, Is Fearr an Fás. Tá cor nua curtha sa scéal seo ag an Chomhairle i mbliana leis an chleachtas leathnaithe amach chuig 30 heicteár trasna 11 páirc mhór agus 23 reilig le feachtas leis na beacha a thabhairt ar ais chuig suíomhanna na Comhairle.
Ag labhairt roimh an cláir fhaisnéise, dúirt Oifigeach Bithéagsúlachta na Comhairle, An Dr. Christine Doherty: "Tá muid thar a bheith sásta bheith páirteach sa chlár seo agus ag amharc ar an chomhfhreagra uile-oileánda atá ar bun lenár speiceas beach a chosaint. Ar an drochuair, scriosadh cuid mhór gnáthóga beacha i ngairdíní, páirceanna agus fálta sceacha mar gheall ar bharraíocht chothabhála agus lotnaidicídí. Tá beacha de dhíth orainn le torthaí agus barra a phailniú dár soláthairtí bia, mar sin de, tá sé fíorthábhachtach go ndéanann muid gach rud gur féidir linn leis an fhadhb seo a thiontú thart. I rith an tsamhraidh, tá gach seans ann go bhfeicfidh daoine áitiúla cuid áiteanna inár bpáirceanna agus reiligí nach mbaintear an féar agus tá seo déanta d'aon turas leis na beacha agus na féileacáin a spreagadh. Is féidir le daoine tearmainn bhláthanna fiáine a chruthú ina mbailte féin fosta trí píosa féar neamhbhainte a fhágáil agus cuid síolta bláthanna fiáine a chur fiú. Tá súil againn go gcuirfidh Plean Bee daoine ar an eolas agus go méadóidh sé feasacht ar an cheist tábhachtach seo agus go spreagfaidh sé daoine le gníomhú a dhéanamh ina leith."
Dúirt Léiritheoir Plean Bee, Deaglán Ó Mocháin: "Nuair a bhí muid ag táirgeadh Plean Bee, ár gclár faisnéise nua bunaithe ar Phlean um Pailneoirí na hÉireann, ba mhór an pléisiúr é bualadh leis na doaine sin a chur an plean físeach seo le chéile, chomh maith leo siúd atá ag obair go dian ar an talamh leis seo a chur i bhfeidhm. Mar chónaitheoir i nDoire, is féidir liom féin an méid atá déanta ag Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin agus daoine eile le tacaíocht a thabhairt do na beacha agus pailneoirí a fheiceáil, agus bhí lúcháir orainn scannánú a dhéanamh le Christine agus Pól agus baill eile den Chomhairle i bPáirc na Cúile Móire, mar aon le háiteanna iontacha eile cosúil le Páirc Brooke, Páirc Naomh Colmcille agus ar Bhóthar na Trá. Tá ár gcomharsana i mBun Cranncha ag déanamh obair iontach chomh maith, ag tiontú thart blianta den laghdú i mbeacha agus feithidí eile. Tá súil agam go gcuidíonn an scannán seo an obair ríthábhachtach atá ar bun ag an Phlean um Pailneoirí na hÉireann , scéim timpeallachta a bhfuil ag éirí go geal léi agus a rachaidh ar sochar dúinn go léir."
Craolfar Plean Bee ar TG4 ar 9pm Déardaoin 20ú Bealtaine.
Réamhspléachadh ar fáil anois ar chainéal YouTube na Comhairle https://youtu.be/SSZKB2FJxuo