Ráta ard-sástachta tugtha ag custaiméirí do sheirbhísí Gaeilge na Comhairle
28 January 2020
Tá rátáil ard-shásaimh bainte amach ag Seirbhísí Gaeilge Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin i suirbhé a rinneadh leis an phobal Gaeilge áitiúil ar na mallaibh.
Cuireann an Chomhairle réimse leathan seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge, freagraí i scríbhinn, foirmeacha iarratais, foilseacháin, ceisteanna ar an guthán agus iarratais do sráidainmneacha dátheangacha ina measc.
Fiafraíodh de na daoine a cheistíodh sa suirbhé gnéithe éagsúla den seirbhís a scóráil agus tháinig 92% d’úsáideoirí an seirbhís ar ais ag cur in iúl go bhfuil siad sásta nó iontach sásta leis na seirbhísí atá ar fáil agus 95% ag rá go n-úsáidfeadh siad na seirbhísí arís agus go mholfadh siad na seirbhísí le daoine eile.
Ghabh an t-Oifigeach Gaeilge le Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, Erin Hamilton, buíochas leis na daoine sin a thug aiseolas tríd an suirbhé agus d’fháiltigh sí roimh an t-aiseolas dearfach a fuaireadh.
“Tá an Chomhairle tiomanta i dtreo úsáid na Gaeilge a chur chun cinn laistigh den eagraíocht agus fud fad an cheantar Chomhairle chomh maith,” a dúirt sí.
“Ba mhaith linn comhionannas deiseanna a dheimhniú dóibh siúd atá ag iarraidh teacht ar eolas agus seirbhísí trí mheán na Gaeilge agus tá lúcháir orainn gur thug úsáideoirí na seirbhísí rátáil ard-shásaimh don tseirbhís.”
“Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an phobal Gaeilge áitiúil as a n-aiseolas a thabhairt agus úsáidfidh muid an t-aiseolas sin lenár soláthar seirbhísí a fheabhsú agus le chinntí eolacha a dhéanamh faoi tograí amach anseo.”
Seo iad torthaí iomlána an suirbhé a leanas: Dúirt 92% de na daoine a d’úsáid na seirbhísí Gaeilge go raibh siad iontach sásta nó sásta leis an seirbhís.
Dúirt 95% de na daoine a cheistíodh go mbainfeadh siad úsáid as na seirbhísí arís. Dúirt 95% de na daoine a cheistíodh go molfadh siad na seirbhísí le daoine eile. Dúirt 68% a cheistíodh gur b’fhearr leo eolas a fháil ón Chomhairle trí ríomhphost agus 27% eile a dúirt gur b’fhearr leo eolas a fháil trí na meáin shóisialta. Dúirt 79% de na daoine a chonaic an suíomh gréasáin go bhfuil sé ar fheabhas nó go maith agus dúirt 85% de na daoine a cheistíodh agus a chonaic an leathanach Facebook go bhfuil sé ar fheabhas nó go maith. Dúirt 84% de na daoine a cheistíodh go bfhuair siad ríomhphost ar ais ón Chomhairle taobh istigh d’amscála réasúnta agus 71% eile a dúirt go bhfuair siad litir scríofa ar ais ón Chomhairle taobh istigh d’amscála réasúnta. Má tá seirbhís uait, is féidir dul i dteagmháil leis an t-Oifigeach Gaeilge ar ár líne thiomnaithe Gaeilge T: (028) 71376 579 nó r.phost gaeilge@derrystrabane.com